Latest News

Fleadh fashionistas

Ag cur i láthair geansaithe oifigiúla Fhleadh Cheoil na hÉireann Bhéal Feirste de chuid Cliftonville.

Deartha chun ómós a thabhairt dár gcathair dhúchais agus í ag óstáil an cheiliúrtha is mó ar domhan de cheol agus de chultúr traidisiúnta na hÉireann, beidh na geansaithe eagrán teoranta seo ar díol go hoifigiúil den chéad uair ag Lá Spraoi an Teaghlaigh i Solitude Dé Domhnaigh – a thosóidh anois ag an am níos luaithe, 12 i.n.

Beidh siad ar fáil ar £48 do dhaoine fásta agus ar £40 i méideanna páistí. Tá an dá dhearadh thar a bheith galánta: geansaí dearg den chuid is mó le maisiú glas agus bán, chomh maith le geansaí bán le himill ghlasa agus oráiste.

Déantar ceiliúradh ar stádas Cliftonville mar an club peile is sine in Éirinn leis an mana ‘Ceannródaithe na hÉireann’, agus aithnítear teacht Fhleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste faoin suaitheantas an chlub.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh ón 2 go dtí an 9 Lúnasa. Má tá sé ar intinn agat freastal ar aon cheann d’imeachtaí na féile seo a bhfuiltear ag súil go mór léi, bí cinnte do chuid dathanna a chaitheamh le bród agus ceann de na geansaithe nua galánta seo de chuid Cliftonville á chaitheamh agat.

Beidh tú ar dhuine de na chéad daoine a gheobhaidh macasamhail nuair a osclófar doirse Solitude ag 12.00 i.n. Dé Domhnaigh, do Lá Spraoi an Teaghlaigh a bheidh ina réamhrá iontach don Fhleadh.

Beimid ar bís fáilte a chur roimh ár bpobal áitiúil agus roimh dhaoine de gach aois, ó chóngar is ó chian, chuig Lá Spraoi an Teaghlaigh a dhéanfaidh ceiliúradh ar na luachanna Éireannacha is fearr.

Chomh maith le ceol traidisiúnta beo, damhsóirí Gaelacha agus réimse leathan bia ó ár gcomhpháirtithe lónadóireachta a bhfuil gradaim buaite acu, Browns, beidh cluichí ar siúl againn ar an bpáirc agus neart siamsaíochta do chách le taitneamh a bhaint aisti agus muid ag cur tús go hoifigiúil leis an gcomhaireamh síos go Fleadh Cheoil na hÉireann i mbaile peile na hÉireann.


Introducing Cliftonville’s Official Fleadh Cheoil na hÉireann Béal Feirste jerseys.

Crafted to mark our home city’s staging of the world’s largest celebration of traditional Irish music and culture, the limited edition shirts will officially go on sale during Sunday’s Family Fun Day at Solitude – which will now start at the earlier time of 12pm.

Available at a cost of £48 for Adults and £40 in Kids sizes, the slick jerseys come in two striking compositions with a predominantly Red effort offset by green and white adornment, accompanied by a White top garnished with emerald and orange trim.

Cliftonville’s status as Ireland’s Oldest Football Club is celebrated with ‘Ceannródaithe na hÉireann’ sloganing, while the imminent arrival of Fleadh Cheoil na hÉireann in Belfast is acknowledged beneath the Club crest.

Fleadh Cheoil na hÉireann will be hosted in Belfast for the very first time from August 2-9 and, if you’re planning on attending any events throughout the eagerly-anticipated festival, make sure you show your colours with pride by sporting one of these latest stylish additions to the Cliftonville collection.

You can be among the first to get your hands on a replica when Solitude’s doors open at 12pm on Sunday for what promises to be a wonderful precursor to the Fleadh getting under way.

We’ll be delighted to welcome our local community and people of all ages from near and far for a Family Fun Day celebrating the very best of Irish values.

Alongside live traditional music, Irish dancers and a host of food options from our award-winning Catering Partners Browns, we’ll also be staging games on the pitch and will have something for everyone to enjoy as we collectively kick off the countdown to Fleadh Cheoil na hÉireann at the home of Irish football.